Tá gadaí na gceann ar ais in Árann:
osclaíonn ‘Fiagaí na gCeann Gaelach, Na Halbaim Grianghraif le Charles R. Browne’
in Áras Éanna, Inis Oírr, Árann.
‘Fiagaí na gCeann Gaelach, na hAlbaim Gringhraf le Charles R. Browne’ is ea taispeántas de seasca grianghraif atá roghnaithe againn as cartllann atá i dtaisce sa labharlann i gColáiste na Trionóide, Baile Átha Cliath (TCD). Léiríonn na grianghrafanna seo an taighde a bhí ar siul ag an antraipeolaí Charles R. Browne agus a comhglacachaí i dTCD agus Acadámh Ríoga na hÉireann (RIA) sna 1890dai. Tá na grianghrafanna roghnaithe o srath sé albaim a bhronn íníon Browne ar an gCholáiste i 1997. Ta ceithre ghrianghraf eile rognaithe ón labharlan san RIA. Níor thóg Browne na griannghrafanna go leir ach do bhailigh sé iad chun an taighde a bhí idir laimhe acu a léiriú agus an fhianaise físiúl a bhí bailithe acu a chur ós comhar lucht na h’eolaíohta, antraipeolaí ach go háirithe, i d`TCD, in Acadamh Ríoga na hÉireann agus eagrasaí eile cosúil leo ar fúd an domhain.
Cé hé Browne?
Dochtuir agus antraipeolaí ab ea Browne. Níl morán eolas againn ar a shaol ach tá a fhios againn gur rugadh i dTiobraid Árann é i 1867, chuaigh sé go dtí Scoil Gramadaí i gCorcaigh agus, i ndiaidh sin, chuaigh sé go dtí TCD i 1885 (nuair a bhí sé ocht mbliain deag d’aois) ag staidear leigheas. I 1903 d’imigh se go Sasanna agus fuair sé bás ann i 1931.
Bhi sé lonnaithe i Roinn na hAtanamaiochta i dTCD, áit inar thainig sé go mór faoi thionchar Daniel J. Cunningham, ollamh na hatanamaíochta ag an am. Bhí an beirt acu ag obair in aonacht le Alfred Cort Haddon, duine a bhí ana thabhachtach o thaobh forbairt na hantraipeolaíochta mar disciplín nua. Bhí baint acu le Rannóg na hEolaíohta in Acadámh Ríoga na hÉireann. Rinneadh ball den RIA (MRIA) é, Browne, i 1892.
Chuaigh Browne siar chun suirbhé eitnagraifíochta a dhéanamh ar na pobail sna bolaí ab iargulta in Éirinn idir 1891 agus 1900; chun staidéir a dhéanamh ar thréithe fhisiceacha agus nósanna na ndaoine a mhair iontu. Bhi sé á lorg fianaise do bhunús an cine Gaelach: “to unravel the tangled skein of the irish Race” mar a duirt sé ag an am.
Cad a bhí i gceist sna suirbhéanna?
Ag an am, bhí ana chuid spéis ag eolaí i gcursaí éabhlóideach, in ndiaidh an bua a bhí ag teoricí Charles Darwin maidir le ‘bhunús na spéiceas.’ Cheap lucht na h’eolaiochtaí nadúrtha, iad siúd a ghlach le teoiric na héabhlóide pé scéal é, go raibh líne eabhlóideach direach idir apaí anthrapóideach – gibbons aus orangs – agus an cine daonna, agus go raibh scála éabhlóideach idir an fear gorm agus and fear geall Anglo saxon prostastúnach mar shámpla. Chreid siad leis go raibh scála sibhíaltachta ceangailte leis, go raibh ceangailt idir leibhéal na sibhialtachta na daoine agus a thréithe fhisiceach,
Tosc nach raibh na tuathánaigh in Iarthar na hÉirinn chomh sibhialta leis na Sasanaigh – chreid Browne agus a comhglacachaí gur cine primitíbheach iad – cheapadar go raibh siad gaolta le muintir An Aifric. Chuadar siar ag lorg fíanaise do sin, ag lorg tréithe fisiceach an fear gorm i measc muintir iarthar na hÉireann. Tosnaigh siad in Árann mar bfhéidir gur chreid siad go raibh sliochtaigh na Fir Bolg fos ina gconaí ann. Ar thóir an fear gorm Gaelach, an fhianaise is mó a bhí á lorg acu ná méid na h’inchinne de reir tomhais a thóg siad o chinn na ndoaine. Thug siad faoi “fiach Cloigean” i gCiarrai, gConamara agus Maigh Eo.
Fiach cloigne agus gadaí na gceann
Ba ábhar inspéise an-mhor do Brown agus a chomhgleacaí cloigne na dtuathanach Éieannach, beo nó marbh. B’ábhar mór i bhfiosriúcháin aintraipeolaíochta na linne é acmhain cráinniach – an cloigeann daonna – agus léirítear sna griangrhaif agus na tuarascálachta a chuaigh leo – na heitneagrafaoíchtaí – gur tógadh cloigne daonna ós na ceantair inar a rinneadh na suirbhéanna.
‘Sé seo a duirt Browne mar gheall ar:
In addition to the observations made on the living subject , the measurements of a series of crania, the first ever put in thw record from this island.1 were obtained at St. Colman’s Church, in Knock townland. As they could not be removed at the time of my first visit, I was forced to measure them on the spot, and, as it turned out afterwards, it was well that this precaution had been taken, as, in revisiting the place some time after, I found that they had all disappeared, having in the meantime been removed to some place of concealment.
PROCEEDINGS OF RIA SERIES 3 VOL III 1893-6 [587] xxxvii. [ 317 ] XXII. THE ETHNOGRAPHY OF INISHBOFIN AND INISHSHARK, COUNTY GALWAY. p.334.
Tábhachtach an cartlann – ‘TYPES’
Creidimse go bfhuil an cartann seo fíor thábhachtach – bfhéidir an cartlann is tábhachtahaí atá curtha ós comhar an phobail leis na mbliainta – de bharr an taifead a rinnne Browne agus a comhgleacaithe ar saol na tuaithe, an breathnú chórasach a rinneadar ar saol na tuaithe, le haistí photografacha le sraitheanna faoin ndaonra, gcósta agus an dhromcla, seaniarsmaí, nósanna, tithíocht, módhanna taistil agus a leithéid a thugann léiriú duinn ar muintir na gaeltachta ag an am – na 1890daí.
Le sin, tá ainmiú na daoine chean des na gnéithe is spéisiula d’albaim Browne, níor aimnóidh cuid mhaith des na daoine ach bhíomar in ann doaine cosóil le Tomas Ó Criomhthain agus Sean Ó Dálaigh a aithint. Tá a fhios againn gurb é Tom Conneely an duine a bhí ina shuí sa chathaoir agus Browne i mbunn tomhais a dhéanamh ar a gcloigean, an fear a bhí ina gconaí i gCill Ronáin, daichead cúig bliaina d’aois, le súile agus gruaige liath, agus gurb é gruaige donn a bhí ar nuair a bhí sé níos óige. Bhí ‘Cephalic Index’ de 76.1 aige nó 69.9 tar éis ceartú a bheith déanta i gcomparáid le bléascanna, an t’aon duine sa tsuirbhé a bhí ‘Hyper-Dolichocephalic.’